School: Doire Luacháin (roll number 10661)
- Location:
- Doire Luacháin, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Luacháin
- XML Page 144
- XML “Seán an Chlochair Dhuibh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)acht ma thoisigh fhéin chaill Jack a chuid airgid uilig agus b’éigean do stad de na cardaí. Dimtigh Jack bocht amach agus smaoitigh sé in a inntin fhein go mbfhéidir go mbainfhead sé a chuid airgid arais agus tuilleadh airgid le na chois da n-díolfhadh sé a chapall agus a thrucall agus a dhul isteach arais a d’imirt cárdaí.
Rinne Jack seo go n-amaideach acht níor éirigh do go maith an iarraidh seo acht oiread. Dimthigh sé anois agus dinnis deireadh fa dtaoibh de’ bhean na gcardaí do a chuid dearbrathaireacha. Thug siadsan dó an t-airgead a fuair siad ar a gcuid arbhair fhein agus diarr siad air dhul isteach a chearrbhocas airís ná ní raibh (siad) fhios go raibh draoidheachta ag an chaillighe le airgead a bhaint ag cearrbhochas.
Chuaidh Jack isteach chuig chailleach na g-cardaí airís agus thoisigh sé a chearrbhochas leithe an tríomhadh h-uair. Acht ma rinne, chaill sé an t-airgead a bhí aige an iarraidh seo airís.
Dhiol a chuid dearbrathaireacha a gcuid caiple agus trucaill agus an t-airgead a fuair siad ortha thug siad do Jack é.
Bhí athas ar Jack amaideach nuair a fuair sé an t-airgead agus arsa seisean leis fhein “geobhaidh me buaidh na caillighe comh cinnte as tá grian(continues on next page)- Informant
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 30
- Occupation
- Múinteoir