School: Doire Luacháin (roll number 10661)
- Location:
- Doire Luacháin, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Luacháin
- XML Page 143
- XML “Seán an Chlochair Dhuibh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sin ann agus i is fada ó shoin ó bhí.
Bhí bean ina cómhnuidhe ar an Chlochar Dhubh agus bhí triúr mac aicí. Bhí an bheirt ba sinne ina mbuachaillí críonna acht bhí an fear ba óige (Jack) rud beag sodhantach.
Lá amháin chuaidh siad go h-áonach Bhealach Feidh agua bhí lód coirce le achan dhuine aca. Díol Jack a chuiud coirce agus fuair luach mhaith air. Annsin thoisigh sé ag siubhal anuas a’s suas sráid Bhealach Feidh. Fhad is bhí sé ag siubhal, bhí sé ag amharc isteach ar na fuinneogaí go bhfeiceadh sé goidé an seort áiteanna a bhí astoigh. Tháinig sé fhad le fuinneog agus ce a chonnaic sé astoigh acht cailleac agus i ag cearrbochas leithe fhéin.
Chuaidh Jack isteach chuicí ná bí dúil aige i g-cearrbochas. D’iafruigh sise do an imireochadh sé [Cuiche]? agus dubhairt sé go n-imireocadh. Thoisigh an cearrbochas(continues on next page)- Informant
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 30
- Occupation
- Múinteoir