School: Doire Luacháin (roll number 10661)

Location:
Derryloaghan, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Bhaoighill

Filter stories

Back
/ 161 Forward
Resolution: Low | High
Peadar Grifín

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Nuair a bhithear ag caitheamh na ndaoine amach as a a gcuid talta í n-aimsear na dthighearnaí talaimh i bhfad o shoin a rinneadh banughad ar Gleann Bheata, Gleann deas aoibhinn atá comgharach do Ghartan an áit a rugadh Colmcille. Ba é an tighearna talaimh a bhí ar Gleann Bheatha nuair a caitheadh iomlán amach is a gaid taltaí ná bean darb’ ainm Lady O Dare. Deartear gurbh é a sín an lá a ba léanmhara da rabh ins an chonndae seo ariamh.
Chosgrochadh sé crainn agus clocha na daoine a fheiceáil ag fágail na h-áite an mhaidin sin agus an gháir chaoinnte a bhí aca. An méid aca a bhí ábalta imhteacht as an tír dimthigh siad go Meiriceá. Chuaidh an sagart cluimhail sin An t-athair Séamus Mac Phaidin leobhtha go Doire go bhfeiceadh sé ar an bhád iad. Acht bhí cuid mhór aca nach raibh í n-innibh dhul mhar bhí siad aosta agus bréoidhte idir mná agus páisti aca. Ba bheag aca seo a chuaidh go teach na mbocht nó bhí fuath ag

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Bhaoghaill
Gender
female
Language
Irish