School: Doire Luacháin (roll number 10661)
- Location:
- Doire Luacháin, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Luacháin
- XML Page 130
- XML “Jack na Luatha Deirge”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis na cruacha agus bhuail sé an balla le na gualainn, agus leag sé giota mór de an bhalla. Bhuail sé an coirce uilig agus bhí deireadh deánta aige roimhe an tráthnóna.
Lá thar na bharach diarr an mhaighistir ar Jack min a fhaghail deánta de’n choirce a bhuail sé an lá roimhe re. An- droth dhuinea bhí ins an mhuillteóir agus bhí fhios ag an mhaighistir seo. Dimthigh Jack agus an [car]? leis un a mhuilinn. Nuair a shroich Jack an muilean thog an Muillteóir rud éigin teacht le Jack a mharbhadh acht bhuail Jack an muillteóir le bata an iarainn agus mharbh sé é. Rinn Jack an mhin é fhein annsin agus tháinig sé abhaile tráthnóna agus an mhin leis. Bhí íongantas ar a mhaighistear nuair a chonnaic sé Jack ag teacht nó shíl sé go muirfeadh an muillteóir é.
An lá na dhiaidh sin diarr an maighistir ar Jack an pháirc mór a bhí thall udaidh a threabhadh, agus í a bheith deánta (agat) aige roimhe an tráthnóna. “Bainfhidh mé an ceann duit muna [mbé]? sé deánta agat roimhe an tráthnóna”, arsa an maighistir. “Maise ní bhainfidh”, arsa Jack. Dimthigh Jack leis go dtí an áit a raibh an t-seisreach acht goidé a bhí astoigh inntí acht achar nimhe. Ba é an maighistir a dfág ann í, na shíl sé go slógfhadh sí Jack.(continues on next page)- Informant
- Seósamh Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Sealgán Beag, Co. Donegal