School: Doire Luacháin (roll number 10661)
- Location:
- Doire Luacháin, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Luacháin
- XML Page 129
- XML “Jack na Luatha Deirge”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tarth orm”, arsa Jack agus síos un a chuinneóige leis agus dól a ráibh inntí.
Thug a mhathair pota brúightín do, agus diarr sí air é a thabhairt do na fir. Bhí go maith agus ní raibh go holc; thug Jack leis an brúighthín. Scannruigh na fir agus rith deireadh ar shiubhal acht fear amháin. Diarr Jack ar an fhear bata a fhaghail do. Dimthigh an fear agus chuidigh na fir eile leis crann a bhaint do Jack. Acht nuair a fuair Jack an crann fuair sé greim air agus rinn dhá chuid de. “Tá an bata sin lobhtha”, arsa Jack. Dimthigh na fir annsin agus fuair siad bata iarainn; acht nuair a fuair Jack é lúb sé é. “Sílim go ndeanfhaidh seo mo ghnaithe tamall”, arsa Jack. Dimthigh Jack annsin ar fastodh. Maighistear an olc a fuair sé agus thug sé obair chruaidh do Jack. “Tá seacht g-cruacha coirce thall annsin”, arsa’n maighistir, “agus mur mbéidh siad buailte agus astoigh sa sgiobhól roimhe an tráthnóna bainfear an ceann duit.” “leóga ní bhainfear”, arsa Jack.
Bhí fir ag cuidiughadh le Jack acht shíl sé go raibh siad ró fhadalach agus thoisigh sé é fhéin. Thug sé cruach coirce in ascaill amháin agus cruach coirce eile faoi an ascaill eile. Nuair a tháinig sé go doras a sgiobóil ní raibh sé ábalta faghail isteach ar an doras(continues on next page)- Informant
- Seósamh Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Sealgán Beag, Co. Donegal