School: Doire Luacháin (roll number 10661)

Location:
Derryloaghan, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Bhaoighill

Filter stories

Back
/ 161 Forward
Resolution: Low | High
An Bhanríon Bhictoria

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 126

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Nuair a bhí an bhainrioghan Bhictoria marbh thárluigh rud mór i dteach ar na Gleanntaí. Bhí sé na dhligheadh na toighe táibhrinne a bheith druidhte ar an deich o chlog sa’n am sin. Oidhche amháin bhí scaifte daoiní astoigh i dteach taibhrinne indiaidh an deich o chlog. Chualaidh fear a toighe go raibh na saighdiuirí dubha ag teacht agus bhí - an - eagla [ai]? Duine fad-cheannach a bhí ann agus smaoitigh sé ar phlean.
D’iarr sé ar an bhunadh a bhí astoigh leigean ortha fhéin go raibh siad ag rádh paidrín do anam na bainrioghna bhictoria a bhí faoi clár sa’n am [seo]? Síos ar a n-glúine leis an iomlán aca. Tamall na dhiaidh sin tháinig na saighdiuirí dubha un doras agus d-éirigh duine eighinteacht agus leig isteach iad. Níor dhubhairt an bunadh a bhí astoigh dadaidh acht leanaint, leobhtha ar an phaidrin go duthrachtach. Chuaidh na saighdiuirí dubha a bhí na g-catoilicigh síos ar a n-glúine agus d’fan na saighdiuirí eile go raibh an paidrín thart. Dhubhradh paidrín cúig n-deichneabhar deág agus ní raibh ainmneadh ar an méid ruible a chuir siad leis.
Tugadh an dligheadh dobhtha cionnus go raibh an teach táibhrinne foscailte indhiaidh an ama. Dubhairt an breitheamh nach dtiocfhadh

(continues on next page)
Collector
Gráinne Ní Bhaoighill
Gender
female
Informant
Seósamh Ó Baoighill
Relation
parent
Gender
male
Language
Irish