School: Doire Luacháin (roll number 10661)

Location:
Doire Luacháin, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Bhaoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Luacháin
  2. XML Page 121
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Murchadha Beag a lámh siar agus leig an t-éan sgread aríst. “Maise”, arsa Murchadha Beag “ní sin an t-uisge beatha is fearr atá agat ach oiread. Ní thig le duine ar bith buntaiste a fhágail orm-sa fhad agus tá an t-éan seo agam”. Thug an fear gloine eile da líor bhain Murchadha Beag dó’n éan an tam seo. “Sin an tuisge beatha is fearr san tsiopa anois”, arsa Murchadha Beag. “Teím” arsa fear an tsiopa “nár leig sé sgread ar bith an tam seo”. “O tá fhios aige”, arsa Murchadha Beag “gur sin an t-uisge beatha is fearr atá agat”. “An ndíolaidh tú liom-sa [?] é arsa fear na taibhrinne bheadh sé a dhioghbháil orm go cruadh nó is iomdha duine a gheibh buntaiste orm ‘san tsiopa seo”. “Níor mhait liom é sin a dhíol”, arsa Murchadha. “Bheirfidh mé céad púnta duit ar a shon”, arsa fear na táibrinne. “Maith go leor”, arsa Murchadha Beag. Thug fear na taibhrinne cead púnta dó. Chuaidh Murchadha Beag na bhaile agus shuidhe sé ag an tábla ag cunntas an airgid. Tháinig Murchadha Mór go dtí an fuinneóig agus chonnaic sé Murchadha Beag (an) ag cunntas an airgead ag an tábla. Tháinig sé isteach agus dfiafruigh do Mhurchadha Bheag cá h-áit a bhfuair sé an t-airgead. “Sin an luach atá ar chroiceann sean bhó”, arsa Murchadha Beag. “Tá dhá bhó dhéag agamsa”, arsa Murchadha Mór “agus thig liom iad a (deo) marbhadh agus an croiceann a bhaint daobhtha agus gheobhaidh mé céad punta ortha”. Lá thar na bharach chaith Murchadha (Beag) Mór na ba. Bhain sé an croiceann daobhtha agus dimthig go h-aonach na nGleanntach. Thoisigh sé ag sgairtigh fríd an baile mór. “Cé bheirfeas céad punta damh ar chroiceann sean bhó”. Bhí acan duine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Language
    Irish
    Informant
    Seosamh Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    29
    Occupation
    Múinteoir