Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)

Suíomh:
Doire Luacháin, Co. Donegal
Múinteoir:
Máire Ní Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 111

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 111

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Luacháin
  2. XML Leathanach 111
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Muire agus Íosa ag siubhal an bhealaigh mhóir lá amháin. Tháinig siad fhad le teach agus diarr Íosa ar Mhuire dul isteach agus déirce a iarraidh. Chuaidh sí isteach agus diarr gráinín cruithneachta acht diúltuigheadh í. Tháinig sí amach agus dinnis seo do Íosa. Diarr Íosa uirthi dul isteach agus é a iarraidh in ainm Dé. Chuaidh sí isteach arais acht diúlthuigheadh í. Tháinig sí amach agus dinnis seo do Íosa. Diarr Íosa uirthi i mbucáid uisge agus a láimh a chuir isteach agus leig bean an toighe bí seo a dheánamh. Thainig sí amach agus gan acht an méid a bhí greamuighthe do'n láimh léithe.
    Shiubhail siad leo agus nuair a damharc siad thart, bhí sgaifte diabhal ag tarraingt ar an teach a bfág siad. Bhí eagla ar an Mhaighdeán Mhuire. Acht dubhairt Íosa nach dtiocfhadh leis na diabhail buadh a fhaghail uirthí fhad is thug sí deirce ar bith uaithe. Tháinig siad go muileann agus diarr Íosa ar an Maighdeán Mhuire dul isteach agus an grainín cruithneachta a bhí leithe a fhaghail meilte. Chuaidh, agus nuair a chonnaic an gasúr a bhí ag coimhead an mhuilinn an mhéid cruithneachta a bhí leithe thoisigh sé ag gáiridhe agus dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Nic Eitiogán
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Anna Bean Uí Bhreasláin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Srath Buí, Co. Donegal