11/07/2022 Weekly Pick  (See more »)

School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loughmuck, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh

Filter stories

Back
/ 110 Forward
Resolution: Low | High
Lochmuice | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 99

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Comh geal leis an t-sneachta.
Comh dubh leis an t-súithche.
Comh buidhe le cois lacha.
Comh cruaidh le carraig.
Comh rín le taobh claidhe.
Comh searbh le gall.
Comh milis le siúchra.
Comh fada le seachtmhainn fhliuch.
Comh bog leis an aolaigh.
Comh dearg le caor-caorthainn.
Comh h-árd le balla.
Comh gorm leis an spéir.
Comh láidir le taobh claidhe.
Comh tuigh le gainimh na fairrge.

(Lá Fhéile Athmhóige ?)

Tig lá Leamhoige i gcomhnuidhe ar an 15 lá de Iúil agus deirtear má chuireann sé an lá sin go gcuirfidh sé ar feadh dhá fhichead lá. Is é an tadhbhar atá le sin. Deirtear gur sin an lá a tháinig an díol ar an domhán agus mhair an díol ar feadh dhá fhichead lá. Corr blian

(continues on next page)
Collector
Mícheál Mac Daid
Gender
male
Address
Meenanarwa, Co. Donegal
Language
Irish