Bhí fear ann agus bhí sé sean agus bhí an t-am ag cur an-ghéar leis agus chuaidh sé chuig Colm Cille a ghiarraidh comhairle caidé bh'fearr dó dhéanadh. Bhí Colm i ndiaidh leabhar na tarngaireacht a sgríobh: Caidé bhí dul agat féin a dhéanadh a deir Colm leis. "Bhí dúl agam oidhche dó chaitheadh in-athan teach," "tá an t-am cruaidh adeir Colm leis agus ba ghairid go níreochadh na daoine tuirseach duit. Smaoitighim amannaí a ghabhal a chruinniughadh, bhéadh sin onóireach arsa Colm, ach tá tú sean agus ní bheitheá abálta, oiread fhagháil is chongbhóchadh beo tú. Smaoitinn amannaí eile ghabhal a ghadaigheacht. Is beag an éadál an goid arsa Colm leis, ach sul ar fhág an sean-duine an teach bhí leabhar na tairngaracht goidé leis. Bhí sé i bhfad nuair a smaoitigh Colm ar an leabhar agus annsin thosuigh sé dhá chuartughadh. An chéad teach a dteachaidh Colm isteach ann, teach Olbanaigh. Bhí an leabhar ann agus d'fhiafruigh sé do Cholm caidé a bhéadh sé ghiarraidh ar an leabhar go ceann seachtmhaine
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »