Tá áit uasal thíos ag Ált Pheadar Mac Suibhne agus níl sé ceart slat ar bith a bhaint ann. Tá sgéal ann fá dtaobh de, gur bhain duine thíos i Mín a Sróna adhbhar cliabh ann am amháin agus i lár na h-oidhche tháinig sgairt ag an fhuinneog ag iarraidh air na clátacha a fhágail san áit a bhfuair sé iad. Tá áit uasal eile thíos ag Droichead Eannaigh nó nuair a bhíothar ag cur suas an droichid, an méid a chuireadh siad suas ins an lá bhíodh sé leagtha ar maidín. Lá amháin chuir an fear a bhí ag tógáil an droichid piosa chúig sgilling isteach ag an bhun chloch agus on lá sin amach níor thuit an droichead. Sgríobh an fear a ainm ar an droichead nuair a chríochnuigh sé é. Chualaidh mé é ins an bhaile.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »