School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loughmuck, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh

Filter stories

Back
/ 110 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 92

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Scéal

Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí buachaill aimsire aige.

Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí buachaill aimsire aige. Ní raibh sé féin agus an mháthair san teach amháin, agus bhí sí an-sean. Ní rabh aice acht bó amháin agus bhí cuid mhór ba ag an mhac. Bhíodh bó na caillighe a gcomhnuidhe le bó a mhic. Bhíodh an buachaill dhá gcoimhéad. Tcíodh an buachaill giorrfiadh ag teacht agus ní bhainne sé do bhó na caillighe. Bhí an bainne ag imtheacht ón mhac agus bhí neart bainne ag an chaillighe. D'innis an mac do fhear eolach é, agus dubhairt an fear leis peilear airgid a bheith aige agus a rabh de phoill ar an teach a dhruid agus iarran dearg a chur san teinidh agus nuair a rachadh sé a bhualadh na mhaighistreadh go dtiocfadh an giorrfiadh go dtí poll einteacht é a chaitheamh. Chaith an fear scéala isteach go raibh cos a mháthair briste.

(continues on next page)
Collector
Nan Ní Mhaongal
Gender
female
Address
Meentymorgal, Co. Donegal
Language
Irish