School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loughmuck, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh

Filter stories

Back
/ 110 Forward
Resolution: Low | High
Scéalta - Éanacha a Raibh Baint ag Íosa nó na Naoimh leo

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 86

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Nuair a bhí íosa curtha bhí dhá shaighdiúr a choimhead ar eagla go n-éireochadh sé agus dubhairt siad nach n-éireochadh sé go n-éireochadh an coileach a bhí sa phóta ar goil agus go ndéanfadh sé trí sgairt ar shlat an phóta.
D'éirigh an coileach agus é ar goil agus leig sé trí sgairt ar shlat an phóta agus dubhairt sé "Tá Mac Dé beo go fóill." "Tá sé ar shiubhal" ar siad-san agus bhí an uaigh follamh.
Bhí Íosa ag gabhail i bhfolach annsin agus thoisigh an dreolán ag baint an t-sap de agus an speideog a chur arais air. Chuir Íosa a mhallacht ar an dreolan an lá sin agus a bheannacht ar an sepideog agus sin an t-adhbhar a bhfuil fuath ag gach aon duine ar an dreolan.
"Tá Mac Dé beo go fóill" a deir an coileach ó'n lá sin ó shoin.

Eoin Ó Cuinn a d'innis do Phádraig Mac Daid é.
Eoin Ó Cuinn, Dearchan, Bail na Finne, Leithbhearr.

Collector
Pádraig Mac Daid
Gender
male
Informant
Eóin Ó Cuinn
Gender
male
Address
Dalraghan Beg, Co. Donegal
Language
Irish