11-2-'38
Sé an cineál soluis a bhíodh acu roimhe seo ná sifíní luathara. Téitheadh siad amach roimhe gabhail ó sholus dó ag tarraingt sifíní. Théimheadh siad isteach annsin agus bhainfeadh siad an craiceann de'n na sifíní agus tiormughadh go maith leis an teinidh iad. Gheobhaí im annsin gan salainn agus tharraingí na sifíní fríd an im nuair a bhéadh sé léithe.
Shiocfadh an t-im annsin ar na sifíní agus bhí siad réidh le lasadh, choinnóchaidh ar a taobh é fhad is bhéadh sé lasta, nó dá gcoinnóchaidh suas a ceann agus é lasta rachadh sé as. Ba é sin an cineál a bhíodh acu nuair a bhéadh duine ag faghail bháis, ach coineall Mhuire amháin.
Séamus Ó Cuinn a sgríobh é. Loch Muice. Mo athair a d'innis damh é.