School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loch Muc, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 7

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 7

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lochmuice
  2. XML Page 7
  3. XML “Tobar i Srath na gCapóg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    seisean. D'iarr sé biadh uirre fá choinne an bheathaigh, agus anchú agus an tseobhaigh a "íadáil". Chuaidh sé a luighe annsin is chodluigh sé go maidin.
    D'éirigh sé ar maidín agus d'imthigh sé leis agus thug sé an beathach agus an cú agus an seabhach leis. Chuaidh sé isteach san gcoill agus casadh an fáthach air agus throid sé go dtí an oidhche nuair a mharbhuigh sé an fáthach. Tháinig sé abhaile chuig Cailleach na gCíor agus fuair siad suipéar arais an oidche sin. Dubhairt sise nach dtiocfadh lóistín a thabhairt dóibh mar go raibh fáthach an Domhain THiar le theacht lá thar na bharach. Dubhairt sé gur chuma leis, d'ith sé a shipéar agus chuaidh a luighe.
    D'éirigh sé ar maidin agus chuaidh sé amach airís ag tabhairt leis an bheathach, an cú, agus an seabhach. Casadh air fáthach an Domhain Thiar ag troid siad go dtí gur bhain sé an ceann de tráthnóna. Tháinig sé arais chuig Cailleach na gCíor agus fuair sé a shuipéar agus dubhairt sí nach dtiocfadh léithe é a choinneailt mar go raibh Fáthach an Domhain Theas le theacht tráthnóna lá thar na bhárach. Dubhairt sé go bhfanóchadh sé agus a chuid fhághail agus na beithidhigh a "íadáil" agus chuaidh siad a luighe.
    Lá thar na bhárach d'éirigh sé agus shiubhail sé leis, é fhéin agus a bheathach agus a chú, agus a sheabhach arais. Casadh fáthach an Domhain Theas air agus throid siad go dtí an oidhche agus mharbhuigh sé an fáthach. Shiubhal sé arais annsin go dtáinig sé fhad le caisleán mór. Chuaidh sé isteach agus dubhairt an chailleach a bhí istigh nach raibh sé dolba aige a theacht isteach nuair a mharbhuigh sé a triúr mac. D'fhiafruigh sé de cé acu b'fhearr leis líomógaí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Language
    Irish
    Collector
    Áine M. Ní Fhuathaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Máighread Ní Chuinn
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Loch Muc, Co. Donegal