(continued from previous page)
Ni bhfuigh tú mise ars an gadhar, go bhfuigh tú im le cur i mo ladhara."
Chuaidh sé chuig an im agus ar sé "Tá im a dhith orm-sa le cur i gcosa gadhair. Gadhar a ruaigfheas fiadh. "Ní bhfuigh tú mise arsan t-im go bhfuigh tú luchóg sgríobhas mé."
Chuaidh sé chuig an luchóg afus ar sé "Tá luchóg a dhíth ormsa a sgríobhas im, im le cur i gcosa gadhair. "Ní bhfuigh tú mise arsan luthóg go bhfuigh tú cat a leanfas mé." Chuaidh sé chuig an chat agus ar sé, "Tá cat a dhíth ormsa a leanfas luchóg. Luchóg a sgríobhas im. "Ní bhfuigh tú mise arsan cat go bhfuigh tú trí bhraon bainne ó na trí bhó bána atá thall de ar an mhólaighuadaigh thall." Chuaidh sé chuig na bá, fuair sé an bainne, thug sé an bainne do'n chat, lean an cat an luchóg, sgríob an luchóg an t-im, chuaidh an t-im i gcosa an gadhair, ruaig an gadhar an fiadhj, shnámh an fiadh an t-uisge, d'fhliuch an t-uisge an chloch, líób an chloch an tuaghach, bhain an tuaghach an t-slat agus nuair a bhí an slat bainte fuair Murchadh Beag an sgiúradh a bh'fhearr a fuair sé ariamh nó ó shoin.
Séamus Ó Cuinn a sgríobh é.
Caithπin Ní Bhreitheamhain, Mín-an-Arbhair, Béal an Átha Mhóir a d'innis é do Phádraig Mac Dáid.