School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loch Muc, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 6

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 6

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lochmuice
  2. XML Page 6
  3. XML “Tobar i Srath na gCapóg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Máighread Ní Chuinn, Lochmuice (50 bliadhna) a d'innis an sgéal. Fuair sí o Mhicheál Ó Cuinn, aois 20 bliadhan, a fuair an sgéal seo ó shean-bhean é, Brighid Ní Thiomanaidhe ("Biddy Bhán Bhrianey", bhí sé pósta acht ní fios cé'n sloinneadh a bhí ar a fear) a bhí in a chomhnuidhe i Sráth na gCapóg agus is ann a chaith sí a saoghal. Bhí sí fá thuairim 70 mbliahdain an tráth seo, 9 mbliadhna ó shoin; fuair sí bás tamall gearr in a dhiaidh sin. I Loch Muice atá cómhnuidhe ar Mhicheál Ó Cuinn.
    Fear agus bean a bhí i Sráth na gCapóg i bhfad ó shoin agus ní raibh teaghlach ar bith acu. Bhí siad an-bhuadhartha faoi nach raibh ach aon oidhche amháin fuair siad cúpla mac agus ar maidin d'amharc siad amuigh agus bhí dhá shearrach ag an chapall, bhí dhá choileán ag an chú, agus bhí dhá sheabhach óga ag an tseabhac. Bhí an-bhród annsin ortha nuair a bhí an saoghal ag éirghe leobhtha.
    Bhí an bheirt ghasúr annsin go raibh siad mór agus annsin rinne fear acu amach go n-imtheochadh sé. Ní raibh bealach acu leitir fhághail uaidh agus dubhairt sé leobhtha an tobar a choiméad, nuair a thiocfadh uachtar fola air go mbeadh fhios acu annsin go rabh seisean marbh.
    D'imthigh sé annsin, é fhéin agus an seabhach, agus an cú agus an beathach (capall). Shiubhal sé leis go raibh neoin agus deireadh lae ann. Chuaidh sé isteach chuig Cailleach na gCíor agus d'iarr sé lóistín uirri; agus dubhairt sise na dtiocfadh leithe na go raibh Fáthach an Domhain Thoir le teacht tráthnóna thar na bhárach go mairbheochadh sé uiligh iad. Dubhairt sé gur chuma, go bhfanfadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Language
    Irish
    Collector
    Áine M. Ní Fhuathaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Máighread Ní Chuinn
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Loch Muc, Co. Donegal