(continued from previous page)
ag cunntas a gcuid airgid. Nuair a bhí an t-airgead uilig ar an talamh acu, chaith Máire anuas an chomhla. Tá deireadh an t-saoghail ann ar siad le chéile. Thug siad uilig iarraidh ar an bhaile comh gasta agus tháinic leo. Tháinig Máire agus Domhnall anuas thug an t-airgead uilig leo agus chuaidh na bhaile go sasta. Bhí dóigh bhreagh orrtha ó shoin amach. Bhí Máire amaideach acht bhí sí críonna fosta.
Conall Ó Gallchobhair, Dearchan, Baile na Finne a sgríobh é. Liam Mac Daeid, Mín na n-Arbhar, Béal an Átha Mhóir a d'innis é.