School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loughmuck, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh

Filter stories

Back
/ 110 Forward
Resolution: Low | High
Scéal Greannmhar

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 56

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí sean lánamhain ann aon uair amháín darbh ainm Domhnall agus Máire. Bhí na créatúir bocht sa t-saoghal. Bhí Domhnall agus bhí Máire amaideach. Bhíodh an fear ag saothrughadh paighe gach lá agus bhíódh an bhean ag coimhead an tighe. Lá amháin fuair Domhnall cloch muicfheola mar paighe lae. Nuair a tháinic sé na bhaile san oidhche thug sé an mhuicfheoil do Mháire agus ar seisean, "conbheochaidh sin muicfheoil leis an chail dúínn go ceann fada" "conbheochaidh cinnte" ar sise. D'imthigh an fear a' airneál. Thug Máire leithe an mhuicfheoil agus cuir giota le achan ceartlinn cáil sa ghairidh. Nuair a chuaigh sí a luighe, thoisigh na madraidh a thafann sa ghairidh. "Go sabhalfaidh Dia mé" arsa Domhnall "tá madaidh an bhaile cruinn sa gharraidh cibé tá cearr". "Cinnte ní ag an mhuicfheoil atá siad" arsa Máire. "Cé'n mhuicfheoil?" arsa Domhnall. "An mhuicfheoil a chuir mise leis an cáil ar ball." "Arú" arsa Domhnall "nar iarr mise ort é a chonghail chun a bhruith leis an cháil, ag éirghe amaideach atá tú."
Lá ar na bhárach fuair Domhnall cead mine buidhe mar phaighe. Ag teacht na bhaile dó arseisean, "Tá súil agam nach gcuirfidh tú an min amugha mar rinne tú leis an mhuicfheoil. Déanfaidh sé brachan dúínn go cionn míósa." "Déanfaidh ar ndoighe," arsa Máire. Bhí go maith a's

(continues on next page)
Collector
Conall Ó Gallcobhair
Gender
male
Address
Dalraghan Beg, Co. Donegal
Informant
Liam Mac Daeid
Gender
male
Address
Meenanarwa, Co. Donegal
Language
Irish