School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loughmuck, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh

Filter stories

Back
/ 110 Forward
Resolution: Low | High
Lochmuice | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 53

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

22-11-'37

Nuair a bhí Domhnall ó Conaill astuigh ins an choláiste lá amháiin dubhairt sé go rabh a ceann tinn agus fuair sé cead a bhairéad a chaitheamh.
An dara lá bhí a cheann níos measa agus fuair sé céad a bhairéad a chaitheamh, agus an tríomhadh lá bhí a cheann níos measa agus fuair sé cead a bhairéad a chaitheamh.
An ceathramhadh lá cuir sé fhéiin a bhairéad air agus dubhairt sé leobhtha, rud ar bith a rachadh trí uair sa choláiste bhí sé ceart agus chaith sé a bhairéad ó shin amach.
Séamus Ó Cuinn, Loch-Muc a sgríobh é.
Micheál Mac Fhlionn a d'innis é. Mínte Morgal, Baile na Finne. (Tá sé marbh ó shoin).

Collector
Séamus Ó Cuinn
Gender
male
Address
Loughmuck, Co. Donegal
Informant
Micheál Mac Fhlionn
Gender
male
Address
Meentymorgal, Co. Donegal
Language
Irish

Bhí an t-Athair Mac Páidín i Gaoth Dobhair tamall ó shoin. Dubhairt sé le na daoine gan cíos ar bith a dhíol. Tháinig an tighearna talaimh agus chuir sé as a gcuid toighthe iad. Nuair a tháinig na saighdiúirí agus a gcuid capall bhí cró-iarainn aca fá choinne toighthe a leagadh. Leag siad na toighthe uilig. Fuair an tighearna

(continues on next page)