Fir mhaithe siubhail
Bhí Seamus Mac Suibhne na choumhnuidhe ar an Mhín-Mhóir agus bhí sé in ndligheadh le duine eigean. Shiubhladh sé go Leithbhearr ar maidín agus airíst tráthnóna ar feadh trí lá.
D'fhág sgaifte fear na Rosa ag dul go h-Albain lean madadh iad. Nuair a bhí siad ag an Mhín Mhóir ag coisidheacht thug siad fe ndeara go raibh madadh na ndiaidh. Thug siad an madadh do Shean Ó Cuinn as an Mhín Mhóir le coinneailt go dtigeadh siad arais. Cheangal Seán an madadh acht tharraing an madadh a cheann agus d'imthigh sé lean Seán é agus fuair sé greim iarball air ar mhullaigh Chnoc Mhín a Ruaidh, agus thug sé an madadhg na bhaile leis. Ins an am sin ní raibh suim ag na daoine siubhail ó na Rosa go Doire nuair a bhíodh siad ag imtheacht, agus shiubhail abhaile nuair a bhíodh siad ag teacht arais.
Conall Ó Gallchobhair
Dearchan
Baile na Finne a sgríobh é
Mícheal Mac Flionn, Mínte Morgal, a d'innis iad.