School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loch Muc, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 48

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 48

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lochmuice
  2. XML Page 48
  3. XML “Cleasanna Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I bhfad ó shoin ag Oidhche Shamhna ba ghnáthach leobhtha cruinniughadh a bheith acu. Ag gabhail ó sholus dó nuair a thigheadh na daoine isteach i ndiaidh a bheith ag baint préataí bhíodh buildeál uisge-bheatha acu agus d'óladh siad sin. Annsin bhíódh tae déanta agus d'óladh siad an tae.
    Nuair a bhíodh an tae ólta acu, théigheadh siad amach a ghoid cáil. THigeadh siad fhad leis na doirse agus chaitheadh siad ar na doirse é. Thigeadh siad na bhaile ag am coladta agus bhíodh brúitín déanta ag an bhunadh sa bhaile dóibh.
    Annsin thoiseóchadh siad ag déanamh cleasanna. Seo an cheann "Cabhail tú a Sheáin?" Chuireadh neirt acu dallóg ar a shúile. Annsin gheibheadh siad rópa sé dtroigh, gheibheadh siad greim ar gach cionn de'n rópa, annsin gheibheadh gach fear stoca a mbéadh an cionn aige lán d'fhéar, annsin chuirfeadh siad córda ar an stoca fá choinne an féar a chongbhailt astuigh ann.
    Annsin thoiseóchadh an bheirt acu ag greadadh a chéile leis na stocaí. Nuair a bhuailfeadh fear acu an fear eile, deireadh sé, "Cabhail tú a Sheáin" "tá mé annseo sa dorchadas, deireadh an dara fear "beo nó marbh tú ghlac tusa sin" a deireadh an chead fhear.
    Cleas an Bhata
    Chuirtí bata cruinn eadar dhá chathaoir. Shuitheadh fear ar an bhata chruinn mar bhéadh tailliúr ann. Annsin chaitheadh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Cuinn
    Gender
    Male
    Address
    Loch Muc, Co. Donegal