School: Lochmuice (roll number 16556)
- Location:
- Loch Muc, Co. Donegal
- Teacher: Áine M. Ní Fhuathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lochmuice
- XML Page 47
- XML “Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus chaithfeadh siad an cuthóg treasna airíst agus airíst. Nuair bhí sé uilig roiste aca tchifeadh siad pictiúr an fhir ar an chuthóg snáithe.Séamus Ó Tiomanaidhe, Mín-a-tSamhaidh, Baile na Finne.
Mo mháthair a d'innis damh iad.Oidhche Shnámhna 15-11-'37I bhfad ó shoin ba ghnáthach leobhtha cleasannaí a bheith acu oidhche Shamhna. Chuirfeadh beirt acu dallóg air a súile. Annsin gheibheadh siad ropa shé dtroig, geibheadh sé suas greim ar gach cionn do. Ag gabhal ó sholus dó nuair a thigeadh na daoine isteach i ndiaidh a bheith ag baint préataí bhíodh buideal uisge-bheatha acu agus d'óladh siad sin. Annsin bhíodh tae déanta agus d'óladh siad an tae. Nuair a bhíodh an tae ólta acu, théigheadh siad amach a ghoid cáil. Thigeadh siad fhad leis na doirse agus chaitheadh siad ar na doirse é. Thigeadh siad na bhaile ag am coladta agus bhíodh bruitín déanta fá na gcoinne ag an bhunadh sa bhaile. Annsin thoiscochadh siad ag déanadh cléasannaí. Chuireadh beirt acu dallóg ar a súile. Annsin geibheadh siad rópa sé dtroigh, gheibheadh siad greim ar gach cionn de'n rópa, annsin geibheadh gach fear acu stoca a mbéadh an barr aige lán de fhéar, annsin chuirfeadh siad córda ar cionn an st- Collector
- Séamus Ó Tiomanaidhe
- Gender
- Male
- Address
- Mín an tSamhaidh, Co. Donegal