School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loughmuck, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh

Filter stories

Back
/ 110 Forward
Resolution: Low | High
Lochmuice | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 46

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

sméar liom. Posadh an bheirt annsin agus bhí báinsis lá agus bliahdain ann agus b'fhearr an lá deirneach ná an chéad lá. Chuaidh siadsan an tát agus chuaidh sise an clochán baitheadh iadsan agus tá mise annseo.

I bhfad ó shoin ba ghnáthach le na daoine cabaiste a chaitheamh ag an doras. Fosta bhíodh siad ag ithe sgadán os comhair gloine agus an sgadán a ithe i trí ghreim agus i lár na h-oidhche thiocfadh an fear a bhí i ndán dóibh agus béarfaidh sé deoch dóibh mar bhéidh tart ortha i ndiaidh an sgadáin dh'ithe. Rachach na cailíní amach ins an mheadhon oidhche go bhfeicfeadh siad an fear a mbíodh aca mar bheadh sgála an fhir ina an tobar nuair a amharcadh siad isteach. Ba ghnáthach leo trí bhoul a chuir ar an tábla cuireadh siad uisc glan ins an chéad boul, uisce salach ins an dara boul agus gan uisce ar bith ins an tríomhadh boul. Cuirtí dallóg ar shúile na gcailíní. Dá gcuireadh duine aca a mhéir ins an uisce glan gheobhadh sí fear óg agus dá gcuireadh sí a láimh ins an uisce slach gheobhadh sí sean-fhear agus dá gcuireadh sí a láimh ins an bhoul na raibh uisce ar bith ann ní bhfuigheadh sí fear ar bith.
Theigheadh siad amach fosta go dtí an ath-aol agus bheadh cuthóg snaithe aca. Chaitheadh siad an chuthóg snaithe treasna na h-aithe agus choinneóchadh sí taoibh amháin de'n snath

(continues on next page)
Collector
Séamus Ó Tiomanaidhe
Gender
male
Address
Meenatawy, Co. Donegal
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
female
Address
Meenatawy, Co. Donegal
Language
Irish