School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loughmuck, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh

Filter stories

Back
/ 110 Forward
Resolution: Low | High
(no title)

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 41

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(no title)

Bhí lanamhan ann aon uair amháin agus bhí inghean amháin ann.

Máighread Ní Mheanmain, Fliuchmhín, Béal an Átha Mhóir a fuair ó na h-athair é.

Bhí lanamhan ann aon uair amháin agus bhí inghean amháin ann.Tógadh suas an cailín seo annsin go dtí go raibh sí abalta dul chun an chnuic.
Fuair a bhean bás agus phós sé aríst. Bhí an cnoc lán de chaoirigh ní raibh cunntas ortha. Bhí an ingean ar an chnoc gach lá. Ó tháinig an bhean úr chuig an teach ní bhfuigheadh an cailín beag seo acht an rud a d'fhágadh na daoine eile na ndiaidh. Ar a bealach 'na cnuic bhí bean 'na comhnuidhe ann dar bh'ainm Caileach na gCearc. Bhí an ingean seo ag éirighe an ramhar agus ní rabh fhios acu cé'n chaoi. Chuaidh an t-athair chuig Caileach na gCearc lá amháin agus chuir sé ceist uirrí an raibh fhios aicí ce'n chaoi go raibh sí ag éirghe ramhar. D'iarr Cailleach na gCearc air an ingean eile a chuir leithe 'na cnuic. Chuir sé an ghirrseach eile leithe an dara lá. Ní bhfuair sí fios ar bith an chéad lá mar thuit sí 'na codladh ag am dinnéara. Tháinig an chaora dhubh a bhí ar an chnoc fhad leis an chailín eile agus leig sí tábla de gach saghas bidh dithe. Tháinic siad abhaile an oidhche sin agus bhí an cailín beag caillte leis an ocras. An dara lá d'imthigh siad arís. Thosuigh sí ag

(continues on next page)
Collector
Máighréad Nic Meanman
Gender
female
Address
Lughveen, Co. Donegal
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Address
Lughveen, Co. Donegal
Language
Irish