School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loch Muc, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 39

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 39

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lochmuice
  2. XML Page 39
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí Pádraig Bán agus Máire Ruadh na gcomhnuidhe i gCruach a Mhullaigh i lár na gcnoc.

    Bhí Pádraig Bán agus Máire Ruadh na gcomhnuidhe i gCruach a Mhullaigh i lár na gcnoc. Bhí an talamh fuar agus ní fhásadh préataí ar bith ann acht sgeallán acht bhí siad abalta a mbeathadh a bhaint amach. Bhí caoirigh féaraigh aige le coimhead agus gheibheadh sé airgead ar a gcoimhead. Acht tháinig an lá agus b'éigean do a mhála a thabhairt leis. Chuaidh sé go dtí na comharsanaigh. Bhí siad chomh bocht leis fhéin acht má bhí thug siad lán mála préataí dó agus bhí sé ar ualach chomh trom agus chuir sé ar fhéin ariamh. An chéad lá eile a chuaidh sé amach ní tháinig sé isteach acht fuarathas 'na luighe marbhadh le taoibh an mhala é. Bhí Máire an-bhrónach annsin agus d'fhág sí an teach agus thoisigh sí ag dul ó theach go teach ag cruinniughadh. Lá amháin bhí sí ag déanamh a sgríste bhí na scoláirí ag teacht agus thug sí iarracht an mála a thoghaile acht ní raibh sí abalta. Tháinig gasúr beag fhad leithí agus chuir sí an mála ar a druim. "Cá haois thú?" arsa Máire "Seacht mbliana" arsan gasúr "Sin an aois a bhí mo leanbh nuair a fuair sé bás" arsa'n bhean. "Acht tá sé ag fanacht orm ins an áit nach bhfuil aois no meath." Annsin shuidhe sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Thiomanaidhe
    Gender
    Female
    Address
    Mín an tSamhaidh, Co. Donegal