School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loch Muc, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 36

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 36

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lochmuice
  2. XML Page 36
  3. XML “Pádraig Amaideach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ar an ghleann mhór thiar ar an taoibh i bhfus dis na Gleanntaí agus is é an t-ainm a bhí air Pádraig Amaideach.
    Ins an am sin bhíodh na fir ag déanamh póitín ar na cnuic agus a thabhairt suas go h-Árd an Rátha le na díol ann. Bhíodh Pádraig ag iomchur barraillí cúig ghallún suas go h-Árd an Rátha daobhtha ar leath-choróin an barraille agus ndíol annsin. Bhí sé ag dul suas aon lá amháin agus baraille leis an a dhruim. Nuair a bhí sé fá dhá mhíle de h-Árd an Rátha chuaidh sé isteach ar an Ród. Ní raibh sé i bhfad ar bith ar an ród go dtí gur casadh fear uasal dó, agus é ag marcaidheacht ar bheathadhach bhréagh capaill. "Tá ualach mór ort" a deir sé le Pádraig. "Tá" arsa Pádraig "Cad é atá ins an bharraille?" a deir an fear uasal le Pádraig. "Tá maise Póitín" arsa Pádraig. "Cén áit a bhfuil tú ag dul leis?" arsa'n máraidh. "Tá seo baraille a fuair cuid Piléar Árd an Rátha agus chuir siad mise suas leis go teach an Oifigigh in h-Árd an Rátha go bhfágfainn ann é. Mas é do thoil é a dhuine uasail an dtig leat inse dom an bhfuil mé ar an bhealach cheart nó cad é an (bealach) atá agam le dhul ón áit a bhfuil mé go h-Árd an Rátha?" "Thig liom" is mise an t-oifigeach a deir an fear a bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Máighread Ní Mheanmain
    Gender
    Female
    Address
    An Liuchmhín, Co. Donegal