School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loughmuck, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh

Filter stories

Back
/ 110 Forward
Resolution: Low | High
Madadh Eile

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 35

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí bustéir ann i bhfad ó shoin agus bhíodh sé ag dul thart ag ceannacht caorach. Bhí madadh leis i gcomhnuidhe agus nuair a bhíodh sé ag siubhal fríd na caoirigh deireadh sé leis an fheirmeoir "sin caoire mhaith annsin agus é ag taisbéant na caorach a b'fhearr dó le na méir. Ní cheannéochaidh sé acht cor ceann.
Thoisigh an feoirmeoir ag cailleadh a gcuid caorach agus ní raibh fhios acú caidé bhí ag teacht ortha. Sa deireadh chonnaic siad gurab iad na caoirigh a bhí an búistéar ag taisbeant a bhí ag dul ar shiubhal. Oidhche amháin shuidhe siad ag coimhéad na gcaorach go dtí go dtáinig madadh am bhuistéara chuig na caoirigh. Bhí fhios acu gurab é madadh an bhúistéara a bhí ann. Shiubhail sé fríd na caoirigh agus gach an chaoire a dubhairt a mháighistir go raibh an ceann maith thug sé leis í.
Léan siad an madadh go dtí go dtáinig sé fhad le teach an bhuistéara annsin chuir an madadh na caoirigh isteach i mboitheach. Thug na feirmeoirí an lighe do'n bhuistéar acht dubhairt an buistéar nar ghoid sé caoire ariamh agus nar amharc sé cé mhéad a bhí ins an bhóitheach. Bhí siad ag cailleadh leobhtha gcaoirach sa deireadh thug siad mionna go raibh an madadh ag goid gcaorach. D'orduigh an breitheamh an madadh a chrochadh.

Cathal Ó Tiomanaidhe, Mín an t-Samhaidhe, Baile na Finne, Leithbhearr a d'innis é.

Collector
Brighid Ní Thiomanaidhe
Gender
female
Address
Meenatawy, Co. Donegal
Informant
Cathal Ó Tiomanaidhe
Relation
parent
Gender
male
Address
Meenatawy, Co. Donegal
Language
Irish