Bhí ceannuightheoir caorach agus Éireannach a bhí ann. D'imthigh sé anonn go Learpholl ag díol caorach bliadhain amháin. Bhí madadh leis agus nuair a bhí sé ag teacht 'na bhaile rinne sé dearmad an madadh a thabhairt leis. Cúpla bliadhain ina dhiaidh sin chuaigh sé anonn go Lancaisír ag díol caorach. Bhí sé ag siubhal na sráide agus casadh fear air. Dubhairt an téireannach go raibh sé ag cuartughadh lóisdín. D'fhiafruigh sé de cad as é agus dubhairt sé gur as Éirinn é. Annsin dubhairt an fear eile go raibh teach lóisdín aige agus gurab í Éireannach a mháthair agus gur mhaith leis daoine as Éirinn a choingeailt. Chuaidh an tÉireannach leis an oidhche sin. Bhí sé ag siubhal thart fá'n teach agus chonnaic sé madadh a bhí cosamhail leis an mhadadh a chaill sé. Labhair sé leis an mhadah agus ó shoin amach bhí an madadh fhéin dhá leanamhaint. Bhí a fhios aige gurb é a mhadadh fhéin a bhí ann, agus bhí dúil aige é a thabhairt leis ag a imtheacht acht níór dhubhairt sé dadaí ar eagla go gcuirfidhe ar leath-taoibh é. Do h-innsigheadh dó an áit a raibh a sheomra an oidhche sin agus go raibh an eochar ins an doras lean an madadh chuig an seomra é. Nuair a chuaidh sé isteach chuaidh sé ar a glúnaibh agus dubhairt a phaidrín.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »