Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)

Suíomh:
Loch Muc, Co. Donegal
Múinteoir:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 30

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 30

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lochmuice
  2. XML Leathanach 30
  3. XML “Goid an Bhainne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí tailliúr i dtóigh ag fuagháil agus é in a shuidhe ar an tábla nuair a chonnaic sé baltaí beaga bídeacha ag teacht isteach an doras agus ag dul suas ins an tseomra. Rinne sé amach go stróicfeadh sé ceann acu go bhfeicfeadh sé goidé bhí ann. Dhóirt sé an bainne uilig as.
    Annsin bhí sé i dteach ar an Ghrianán agus bhí sé ag táilliúracht annsin fósta agus dubhairt bunadh an toighe nach dtiocfadh leo im ar bith a dhéanamh, go raibh rud éiginteacht cearr leis an bhainne. Bhí a fhios ag an táilliúr goidé mar a bhí an sgéal. D'iarr sé ortha an bainne a bhualadh an lá thar na bhárach agus go gcuideichadh sé leo. Dubhairt siad nach raibh gar leobhtha é a bhualadh nach dtiocfadh im ar bith acht go ndéanfaidís é. Chuaidh siad a bhualadh ar maidin. Fuair an táilliúir cruth beach chapaill agus dhearg sé sa teinidh é agus chuir faoin'n chuinneóig é, agus d'iarr sé ortha bualadh annsin agus bualadh go maith. Thosuigh an sgreadaigh faoi'n chuinneóig ach lean siad ar an bhualadh ar a ndícheall. Bhí sé ag sgreadaigh léithe agus d'iarr sí ortha í a leigint ar shiubhal agus nach bpilleadh sí go bráthach arais ortha. D'aithin siad cé bhí ann ó'n chainnt agus leig siad ar shiubhal í agus sin mar fuair siad arais an t-im.
    I dteach Cathail Bhig Mac Déaid ar an Ghrianán a thárla sé acht níl a fhios ag duine ar bith cárbh as an gaduigh.
    Máighréad Ní Chuinna a d'innis damh é, Loch Muice, Baile na Finne.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine M. Ní Fhuathaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Maighréad Ní Chuinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Loch Muc, Co. Donegal