School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loughmuck, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh

Filter stories

Back
/ 110 Forward
Resolution: Low | High
Lochmuice | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 3

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

h-iarradh uirre gan é dhéanamh. Bhí an gheall bainte aici. Chuaidh achan duine 'na bhaile annsin agus bhí an céad punt leobhtha-san.

Tá a fhios ag an chuid is mó de na daoine thart annseo an fáth gur tugadh an t-ainm sin do'n bhealach; Pádruig Ó Cuinn, Loachmuice (72 bliadhna) d'innis domh é. Bhí sé ag obair ann agus é in a stócach nuair a bhí an bóthar a dhéanamh, fágann sin gur déanadh é timcheall 56 bl. ó shoin)

27-7-34
An Sagart Mac Aoidh, sagart paróiste ins na Gleanntaí a fuair déantaé, mar aithghiorra do mhuinntir Mín a' Chait, Mín a' Líneachain, agus Bealach na gCruach, fá choinne dul ag an Aifreann i mBaile na Finne. Ní raibh teach phobail ar bith ar an Éadan fá'n am.
Ní raibh préataí ar bith ann an bhliadhan sin agus in áit airgif a thabhairt do na daoine bheireadh sé céad mine buidhe dóibh mar pháighe seachtmhaine, acht duine ar bith a bhí i bhfad ó'n tsiopa bheireadh sé an t-airgead do. Bhíodh a mhuinntir ag iomchur brocháin fá choinne a ndinnéara do'n bhunadh bhí ag obair, sin mar fuair sé a ainm.
Bhí sé in úsáid i ndiaidh thógáil an teach phobail ar an Éadan agus bealach cairt maith ann go dtí an bhliadhan a tháinig an Tuile Mhór 1908 nó 1910. Tugadh ar shiubhal an dá dhroichead (ceann amuigh agus ceann istigh) agus níor deisiughadh an bóthar ó shoin.

Collector
Áine M. Ní Fhuathaigh
Gender
female
Informant
Pádraig Ó Chuinn
Gender
male
Age
72
Address
Loughmuck, Co. Donegal
Language
Irish
Location
Loughmuck