School: Lochmuice (roll number 16556)
- Location:
- Loch Muc, Co. Donegal
- Teacher: Áine M. Ní Fhuathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lochmuice
- XML Page 26
- XML “Plúr na gCailín nÓg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Máighréad Ní Thiomanaidhe a thug damh é. As Mín an t-Samhaí í (25 bl.), a hathair, Pádruig Ó Tiomanaidhe a rinne é tuairim is dá fhichead blian ó shoin, fá dtaoibh fear as Baile Átha Cliath.Chuaidh mé go Tír Chonaill seal tamaill gearr ó shoin,
Casadh mórán cailín damh bhí sábháil, dáomhail, suairc
Níorbh fhada damhsa oidhche ann ag filidheacht is ceol
Ach ní fhaca mise sárughadh ann, 'sí plúr na gcailín n-óg.Ag cruinniughadh sgéaltaí is filidheachta a d'fhág mé Baile A'Cliath,
Shiubhail mé timcheall Éireann as sin go Cloachán Liath;
Is iomdha óig-bhean saoitheamhail a chonnaic mé in gach ród
Ach chuir mé spéis i bhean acu 'sí plúr na gcailín n-óg.Dá bhfeiceadh sibhse an stáid-bhean seo, 'siubhal sráide Bhaile A'Cliath
Déarfadh sibh le chéile cérb' as an cailín breagh;
D'innseóchainn a h-ainm daobh, an stáid-bhean ciúin gan bhród
Gur bánrioghán bhán Thír Chonaill í, nó plúr na gcailín n-óg.Dá m'fhéidir damhsa a bhréaghthacht a innsint mar ba chóir,
in Irisleabhar na Gaedhilice i dtaoibh an chailín chóír,
Tiocfadh siad in a slóighte go bhfeicfeadh siad an tseóid,
I dTír Chonaill ins na sléibhte, 'sí plúr na gcailín n-óg.(continues on next page)- Collector
- Áine M. Ní Fhuathaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Máighréad Ní Thiomanaidhe
- Gender
- Female
- Age
- 25
- Address
- Mín an tSamhaidh, Co. Donegal