School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loch Muc, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 26

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 26

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lochmuice
  2. XML Page 26
  3. XML “Plúr na gCailín nÓg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Máighréad Ní Thiomanaidhe a thug damh é. As Mín an t-Samhaí í (25 bl.), a hathair, Pádruig Ó Tiomanaidhe a rinne é tuairim is dá fhichead blian ó shoin, fá dtaoibh fear as Baile Átha Cliath.
    Chuaidh mé go Tír Chonaill seal tamaill gearr ó shoin,
    Casadh mórán cailín damh bhí sábháil, dáomhail, suairc
    Níorbh fhada damhsa oidhche ann ag filidheacht is ceol
    Ach ní fhaca mise sárughadh ann, 'sí plúr na gcailín n-óg.
    Ag cruinniughadh sgéaltaí is filidheachta a d'fhág mé Baile A'Cliath,
    Shiubhail mé timcheall Éireann as sin go Cloachán Liath;
    Is iomdha óig-bhean saoitheamhail a chonnaic mé in gach ród
    Ach chuir mé spéis i bhean acu 'sí plúr na gcailín n-óg.
    Dá bhfeiceadh sibhse an stáid-bhean seo, 'siubhal sráide Bhaile A'Cliath
    Déarfadh sibh le chéile cérb' as an cailín breagh;
    D'innseóchainn a h-ainm daobh, an stáid-bhean ciúin gan bhród
    Gur bánrioghán bhán Thír Chonaill í, nó plúr na gcailín n-óg.
    Dá m'fhéidir damhsa a bhréaghthacht a innsint mar ba chóir,
    in Irisleabhar na Gaedhilice i dtaoibh an chailín chóír,
    Tiocfadh siad in a slóighte go bhfeicfeadh siad an tseóid,
    I dTír Chonaill ins na sléibhte, 'sí plúr na gcailín n-óg.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine M. Ní Fhuathaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Máighréad Ní Thiomanaidhe
    Gender
    Female
    Age
    25
    Address
    Mín an tSamhaidh, Co. Donegal