School: Lochmuice (roll number 16556)
- Location:
- Loch Muc, Co. Donegal
- Teacher: Áine M. Ní Fhuathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lochmuice
- XML Page 24
- XML “Carraig an Mhonamair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go Bruid is go Baile na gCarraigín, go Ma-gead is go Ceannon, go Fíris 'na Baile n-Árd. Laghad sin ar mo chostas mé agus b'éigin damh dhul ag iarraidh na déirce seo. 'Sé a dh'iarraim oraibh, déirc a thabhairt do'n duine bhocht atá gan cur earraigh, gan brigh an fhoghmhair, gan comhnuidhe geimhridh, gan luth, gan láthair, gan bhean, gan mháthair; le bheith na seacht sáith i gcionn na bliadhna, mbur gcuid agus mbur gcostas, ------- i bportach agus i gcréafóig, i ndomasaidhe, is i léana, i sráid agus san mbaic-ard (back yard) agus i gceart lár an urláir.
'Sé dubhairt cailleach liom indé na raibh aice acht 3 sreamaidí bó, trí chuit fhirrin a' diúl ortha, "Ní fhanann tú go mblightear iad, gcobhadh tú braon da gcuid bainne." "An áit a gcasfaidhe orm cailleach lom bhréanach leisgeamhalach de do sheórt déarfadh nach mbéadh bainne ag na ba seasgair na aon fhata bainte aice bhuailfinn uirthi buile de'n chiotáil de'n bhruataoil de'n mhórdán mhór, de'n tsceapóig chroim os cionn na tóine uirthe a chuirfeadh siubhal na seasadh in a cómhartha lom."
Na is iomdha mála sgáirtí ormsa cibé na léar díbhse mo dheacair, mála an tuighe, mála an t-seóigh, mála an tslinneáin, mála an mhuineáil, crois mhála is mála na tóine 'gus an wool bag. Slasaire(continues on next page)- Collector
- Áine M. Ní Fhuathaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Bheárnaí Longáin
- Gender
- Female
- Age
- c. 60