School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loch Muc, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 22

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 22

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lochmuice
  2. XML Page 22
  3. XML “Gleann Shrath Chaisil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nach n-eiteochadh a'n deoraidhe fá dhídean,
    Na 'n gortach fá biadh na deoch
    Pór fiúntach fíor-rioghamhail Thír Chonaill
    Nár buaidheadh i gcomhrach ariamh
    A bhí i gcomhnuidhe ar thoiseach an bhriste
    Ag cosaint a gcreidimh sa tír.
    Tá sean-teanga uasal ár sinnsear
    Dá labhairt ann gach oidhche is lá,
    Tá ceol binn na mbárd ghá seinm
    Mar do bhí ann san aimsir fadó.
    Is minic do bhuail mé go croidheamhail
    An sean-rinnce gach oidhche annsin,
    Le cailín croidheamhail subhailceach
    Nach bhfaca mé a sárughadh ó shoin.
    Slán, slán leat, a ghleann bhig Sráith Chaisil,
    Céad slán le do thaoibh ghlais go deó,
    Ní féidir damh dearmad a dhéanamh
    De do mhuintear fhad is mhaireas mé beo.
    Go raibh sonas is séan ar do ghortaibh
    Go raibh subhaileach an Riogh i ngach cró
    Na go bhfillidh mé arais chun mo ghleann bhig
    Gan sgaramhaint arais na go deó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine M. Ní Fhuathaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Ní Thiománaidhe
    Gender
    Female
    Age
    25
    Address
    Mín an tSamhaidh, Co. Donegal