Bhí tighearnaí talaimh annseo i bhfad ó shoin agus bhí cuid acu iongantach géar ar na daoine. Hamilton a bhí ins an áit seo agus (Wilson) a bhí i gCnocleitreach agus bhí sé iongantach géar. Bhí Wilson ag gabhal isteach ins na toighthe agus ag tabhairt leis na rudaí a b'fhearr a bhí ionnta, ach bheireadh na daoine na doirse agus na rudaí a b'fhearr a bhíódh acu suas go mullach cnuic agus bhéadh an tighearna talaimh ábalta iad fagháil. Bhí an tighearna talaimh a bhí ar na Gleanntaí ag brath daoine eiginteacht a chur amach as a gcuid talamh ach chuaidh na daoine siar na nGleanntach agus ní leigfeadh na daoine na Gardaí iad a chur amach as an teach. Bhí an olc ag na daoine do na tighearnaí talaimh nó bhíodh an cíos an trom agus mur ndíolfadh na daoine é chuiridh amach as a gcuid toighthe iad. Bhíodh na daoine ag marbhughadh na gcearc fraoich ar na tighearnaí talaimh.
S. Ó Cuinn, Lochmuc, Baile na Finne, Leithbhearr.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »