School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)

Location:
An Ghrafaidh, Co. Donegal
Teacher:
Proinnsias Ua Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 586

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 586

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Page 586
  3. XML “Loch na gCailleach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    “Ní le ceacthar agaibh í mur’ libh mise,” arsa Cailleach na nDorn. Chuadhthas chuig Ó Domhnaill arais gur fághadh an cás ar a bhreitheamhnas “An te a shocróchas an chargáil caithfidh se ghabháil go baile na gcailleach,” arsa Ó Domhnaill. “Ní fhuil caoi ormsa a ghabháil, nó tá mé ag imteacht go connachta anois acht cuirfidh mé m’abhac annseo agus ní tuigsighe mé ‘ná é Íd’ ach Uilc an t-ainm a bheireadh na daoine ar abhac Uí Dhoinnaill agus má ba mhór a chliú [mí]? maith. Nuair a deireadh Rí Thír Chonnail go raibh sé tuigse ach deireadh. Mac an Bháird ‘á Fhreagairt go raibh an tuigse i bhfad siar ann acht go dtáinic an diabhlaidheacht amach ar a chroiceann. Cibé ar bith níor mothughadh go raibh Idh ‘ac Uilc i mbaile na gcailleach. “Tabhairigidh damh an chroithleog sin,” arsa seisean le Fir an bhaile. Cuartadh an dias bheag bhaoidheach ina bhois “Anois,” arsa’n abhac seo thíos,” [loch]? Síos leis an iomlán aca. Arsa Íd’’Ach Uilc ar seisean ag chualaidh” an baile “A chailleacha ceachardha gan ceannsacht atá ag gabháil ‘un cearramansaidheachta an chléir agus an thuataí, caithfidh mise an croithleog seo fad m’urchair amach ins an loch. Leanadh an ceathrar agaibh í. Agus cibé gheobhas í is léithi í chomh cinnte
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    An Ghrafaidh, Co. Donegal
    Collector
    Máighread Máire Ní Bhraonáin
    Gender
    Female
    Informant
    Prionnsias Ó Braonáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male