School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na nDorn. Charbh’ fhéidir an charcaighil a shocrughadh chois baile a’s chuadhthas chuig Ó Domhnaill aríst. “Rannaigidh an stuca i sopóga ar an cheathrar arsa Rí Thír Chonaill. Rinne amhlaidh, acht caidé bhí ann acht sopóg de bharraidheacht. “Is liomsa an phunnann sin” arsa Píonaim Pánaim. “Ní leat, acht is liomsa í,” arsa Cailleach an Ránaim. “Ní leat acht is liom-sa i”, arsa Píonaim Putraim. “Ní le ceachtar agaibh í, mur’ libh mise,” arsa Cailleach na nDorn b’eígin a ghabháil chuig Ó Domhnaill aríst “Ranntar an t-sopóg i siFíní” arsa Rí Thír Chonaill. Rinneadh sin acht caidé bhí ann acht siFín de barraidheacht “Is liom sa an siFín sin,” arsa Píonaim Pánaim “Ní leath acht is liomsa é”, arsa Cailleach an Ránaim. “Ní leat acht is liomsa é”, arsa Píonaim Putraim “Ní le ceachtar agaibh é mur libh mise” arsa Cailleach na nDorn Charbh’ féidir an chárcaighil a shocrughadh chois baile a’s cuadhthas chuig Ó Domhnaill aríst, “Rannaigidh na croith leoga go comhthrom ar na ceithre cailleácha,” arsa Rí Thír Chonaill. Rinneadh amhlaidh, acht caidé bhí ann acht croithleog de bharraidheacht. “Is liomsa an chroithleog sin,” arsa Píonaim Pánaim. “Ní lear, acht is liom-sa i”, arsa Cailleach an Ránaim. “Ní leat, acht is liom-sa í,” arsa Píonaim Putraim(continues on next page)
- Collector
- Máighread Máire Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Prionnsias Ó Braonáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male