School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)

Location:
An Ghrafaidh, Co. Donegal
Teacher:
Proinnsias Ua Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 579

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 579

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Page 579
  3. XML “Loch na gCailleach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tug sí ar haghaid ar chró an Ránaim tharraing sí an ruadh óg ach bí an bolt curtha. “Amhaidhe bhriste” ars Píonaim ag sgairtigh isteach ar pholl na fuinneoige - “a maidhe bhriste” bain an bolt a’s leig asteach mé” “Is doilg damh” ars’ an maidhe briste. A’s mo ceann sa ghríosaigh agus gur atcuinge d’iarr an maide briste gan a bheit Fághta mar sin
    “A scuab leig isteach mé” arsa Píonamh “Is doilg damh ars’ an scuab” agus mo ceann fúm, a’s gur athchuinge d’iarr, an scuab gan a ceann a bheit Fúithi. “A stóil” arsa an chailleach. “Táinic mo ghar in do bealach, déan bacadar ‘un an dorais agus leig isteach mé”. “Is doilg damh” ars’ an stól, “a’s mo ceithre cosa i n-áirde, a’s gur athchuinge d’iarr an stól gan a bheith caithte ar cúl chinn.
    “Anuas a mhaide póta a’s leig isteach mé agraim thú. ars’ an chailleach. “Is doilg damh a’s mé mo luighe i gramhar monádh ars’ an maidhe póta, a’s gur atchuing d’iarr an maidhe póta a beith crochta ar an bhalla, Nuair nach raibh ní bhfearr le déanamh b’eígin díte pilleadh ar lan bhaile arais. Ar maidhin cuaidh Cailleach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    An Ghrafaidh, Co. Donegal
    Collector
    Máighread Máire Ní Bhraonáin
    Gender
    Female
    Informant
    Prionnsias Ó Braonáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male