School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)

Location:
An Ghrafaidh, Co. Donegal
Teacher:
Proinnsias Ua Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 578

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 578

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Page 578
  3. XML “Loch na gCailleach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Loch na gCailleach
    Bhí ceathrar cailleach ‘na gcomhnuidhe ar bhaile seo i bhfad o shoin, agus ba h-iad na h-aimneacha a bheirtí ortha Píonam Pánam. Cailleach an Ránaim, Píonam Putraim agus Cailleach na nDorn Agus bhí cnó ag achan Cailleach dí fhéin, I ndeireadh an lae táinic Píonam Pánam ‘na baile indiaidh a bheith ar siubhal ag bachachas ó mhaidin thug sí fá deara go rabh a cuid dealgán ar shiubhal. Arsa sise leithi féin “Tá mo gleas cnitéala goidte agus is í Cailleach an Ránaim an gadaidhe ach ní rachaidh léithi”. Ins an am seo bhíodh cainnt ag h-ainmhidhthe ins an lá agus agan trioc toighe ins an an oidhche. “Cá raibh thú nuair a bhíthear ag goid mo cuid dealgan?” Arsa Píonam Pánam le n-a madadh. “Bhí mé ins an choillidh indiaidh coinín” ars an madadh “Agus cá rabh tusa” arsa an chailleach leis an chat. “Bhí mé amuigh indiaidh éanach” arsa ‘n cat. Ar uair an meadhon oidhche sin [mheas]? Píonam go rabh an bunadh eile uilig ‘na luighe.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    An Ghrafaidh, Co. Donegal
    Collector
    Máighread Máire Ní Bhraonáin
    Gender
    Female
    Informant
    Prionnsias Ó Braonáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male