School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mín-A-Ghrubaigh.
Sé an t-adhbhar gur tugadh Mín-A-Ghrubaigh ar an bhaile seo. Tá claon mór leis a n-áit agus bíonn diffre ar na daoiní ag deanamh achan rud.
Mín-A-Chait.
Sé an t-adhbhar gur tugadh Mín-A-Chait ar an bhaile seo. Is cosamhal go raibh cat fiadhain ann i bhfad o shoin agus go dearn sé an slaid ar an n-áit.
Mín-A-Marach.
Fuair an baile seo a ainm mar seo. Nuair a bhí feardhomháin ag dul i bhaile go Gleann’ leichín indiadh na Fianna fhágailt. Thug Fionn trí cú do siad na ainmneacha a bhí ortha Marach, Luinseach agus Grafach. Bhí aige le dul fríd an ghleann Mhór bhí muc fiadhain sa gleann agus ál cuiláin aice. Bhí an mhuc ar shiubal agus marbaigh Feardhomhain na cuilain.
Shiubal sé leis annsin acht níor mhaotuigh sé go raibh an mhuc ag na shála. Scaoill se luinseach sa muc acht marbhaigh an mhuc é agus tugadh srath luinsig ar an n-áit ó shoin.(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Mín an Ghriobaigh, Co. Donegal