School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)

Location:
An Ghrafaidh, Co. Donegal
Teacher:
Proinnsias Ua Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 548

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 548

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Page 548
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann i-nam amháin agus bhí mac aici agus bhíodh sé i gcómhnuidhe leis na sidheógaí oidhche Samhna. Bhí cailín le pósadh ar an taobh eile don bhaile agus bhí na sidheógaí astoigh i mbeinn. Cuaidh an gasúr seo go dtín bheinn fosta Chualaidh sé na sidheógaí a rádh go rabh siad ag gabhail go dtín áit a rabh an cailín a gabhail dá pósadh agus go ndeanfadh an cailín trí shrochfach agus go mbéadh sí leobhta san annsin. Dimthigh siad leobhtha agus bhí an cailín a gabhail dá pósadh an oidhche sin. Bhí an gasúr leobhtha fosta. Nuair a tainig siad go dtín teach a rabh an cailín a gabhail dá pósadh ann. Greamaigh na sidheógaí i gcreatacha an toighe. Rinne an cailín srochfach “go dtactar thú arsan bunadh a bhí amuigh. Rinne an cailín a dara shrochfach” go dtactar thú ar san bunadh a bhí amuigh. Rinne sí an treas shrochfach agus thuit sí a laige agus bhí sí leis na sidheógaí. Bhí an cailín na luighe ar an urlár annsin bhí an corp ann ach ní rabh sí fhéin ann. Dimthigh na sidheógaí leobhtha annsin agus bhí an gasúr leobhta fosta. Nuair a bhí siad ag teacht comhgarach ag an bheinn Tug an gasúr an cailín leis na chuig na mhathair ach ní rabh cainnt ar bith aici. Bliadhain ón oidhche sin chuaidh an gasúr go dtín bheinn airíst. Chualaidh sé duine do na daoine beaga a cainnt ar an oidhche eile a ghoid siad cailín agus go dtug gasúr leis í
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Meabha Ní Dhómhnaill
    Gender
    Female
    Address
    Mín na nDaoine, Co. Donegal
    Informant
    Padraig Ua Dómhnaill
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Mín na nDaoine, Co. Donegal