School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)

Location:
An Ghrafaidh, Co. Donegal
Teacher:
Proinnsias Ua Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 523

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 523

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Page 523
  3. XML “Pobal an tSléibhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar an áit atá Baile na Finne anois ní rabh teach poball ar ndóigh ins an t-Sean Am ach sgálan agus bhí an sgálan giota beag ón áit atá an teach [an teach] poball anois. “Rós Scuabuigh” a b’ainm do Baile na Finne ón t-am sin agus an poball a chruinnuigheadh achan dómhnach, bheirtí “Poball a’ tSléibhe” orra. Báitheadh long ag an Ghaoith Bearra ins an t-am so agus rí rabh fágtha ach an caiptín, bhí dlighe aca an t-am sain nuair a bháithfide long go dtiochadh leis an te a bhí sábhailte rud ar bith a bhéad sábhailte a dhíol agus an t-airgead a chongbhail. Chruinnigh an caiptín an méid a fuair se agus dhíol. Chuir sé an t-ór uilig isteach i mála bheag agus chroch sé an mála fá na mhuinéal agus d’imthigh leis. Ag dhul treasna Tráigh Eánach do tháinic creachadóir air agus droch bail air agus bhain uadh an t-airgead. Fuaras é ‘na luighe ar an tráigh agus tugadh na bhaile é. B’fada go raibh sé ábalta éirigh amach ar chor a bith. Cionnas nach rabh airgead ar bith leis ‘na baile, bhí an t-ocras orra aghus d’imthigh bean an caiptín lá amhúin fad le bean i mbaile Dhún-na-nGall, go bfuighfeadh sí fios cé góid an t-airgead. Rinne an bhean seo an fhios dí bíodh se gur le diagantacht nó le draoideacht a rinne sí é. D’innis sá do mnaoi an caiptín go rabh an t-airgead ag fear i bPoball an- t-Sléibe. Cuaidh bean an chaiptín fad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máighread Máire Ní Bhraonáin
    Gender
    Female
    Address
    An Ghrafaidh, Co. Donegal
    Informant
    Róis Eilis Ní Bhraonáin
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Female
    Address
    An Sealgán Beag, Co. Donegal