School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Page 508
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus nuair a chualaidh siad an guth ag teacht amach as an bhéal mhór. Shíleadar gur bé an diabhal a bhí ann. Léim eadar amach ar an doras agus d’fág an t-ór ag Séaghain.
Cruinnigh Séaghan an t-ór agus chuaidh sé ‘na bhaile. Bhí luthghair ar an t-athair nuair a thainig sé in-a bhaile agus an t-ór leis. An lá na dhiaidh sin theasban an sean fhear an t-ór dó’n mhaighistear agus d’innis do go rabh an gadaidheacht fógluimnighthe go maith ag a mhac, nó gur ghoid sé mála ór. “Anois” ars an maighistear “Caithfidh mé feachaint an bhfuil an gadaidheacht fogluimnighthe ar doigh aige. Bheirfidh mé teasg do le deanamh dó agus muna ndeanfaidh sé é.
Bainfidh mé an ceann do” “Dona go leor” ars an sean fhear “acht caidé an teasg é”. “Bhal” ars an maighistear “béidh beirt fheara ag treabhadh an cuibhrinn sin shíos maidin i mbarach agus caitfidh Séaghan an dá chapall a ghoid uatha roimhe an dó dhéag ó chlog”. Chuaidh an sean fhear ‘na bhaile go brónach agus d’innis an sgéal do a mhac “Ó” arsa an mhac “na bhí brón ort nó tá an teasg sin furast”. Lá thar na bharach bhí an beirt fheara ag treabhadh an cuibhrinn.
Chuaidh Séaghan isteach sa choill a bhú le taobh an cuibhrinn. Bhí trí girrfiadh aige. Fa cheann tamaill sgaoil se ceann aca amach as an(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Ua Ludhóg
- Gender
- Male
- Address
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Informant
- Séamus Ua Ludhóg
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Ghrafaidh, Co. Donegal