School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Page 493
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sin ann agus fad ó shoin a bhí...”
(continued from previous page)ag teacht aníos an t-sráid agus lód muca leis. ars an fear i b-óige leis an bheirt eile ceanneocaidh mise na muca. Cuaidh sé eun eainnte leis an n-Albanach agus dinnis sé do gur buachaill i t-sagairt a bhí ann agus gur cuir sé eisean indiu annseo a cheannacht muca agus go gceanneocadh sé na muca a bhí leisean. Diol an t-albanach na muca leis no shil sé go raibh fear maith a roinn leis.
Diarr sé an ceart ar an n-Albanach leis na muca a thabhairt go teach an t-sagairt agus go bfacadh sé an ceart arís tráthnóna. Diarr an t-Albanach an ceart a thabhairt leis no go raibh sé fhéin ag dul i n-áit eile agus go mbéadh aige le diol ar son stábla. Dinnis an t-óganach do go mbéadh luach na muc leis tráthnóna. Dimthigh sé suas an t-sraid annsin agus nuair a bhí sé shuas ag teach i mhargaidh dhiol sé na muca arís agus fuair sé an luach orthadh. Casadh air an n-Albanach é tráthnóna agus an ceart leis acht dubhairt sé leis gur iarr an sagart air dul cun tighe agus go ndiolfadh sé fhéin é agus go racadh sé fhéin leis anios. Dimthigh siad leobhtha ag tarraingt ar theach an t-sagairt. Fuair siad teach an t-sagairt(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Mín an Ghriobaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seamús Ua Gallchobhair
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- Mín an Ghriobaigh, Co. Donegal