School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Page 490
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sin ann agus fad ó shoin a bhí...”
(continued from previous page)d’innis sé do’n báinríoghain caidé mar bhí. Ní dadaidh a rinne sí an cead uair le taobh an rud a rinne sí an t-am seo. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc táinic an lá agus bliadhain D’eirigh an rí gleas ar féin agus d’imthigh síos chun fairrge. Ní rabh sé i bhfhad síos go dtháinic sé isteach cuig an cuan cuig na cosa. Go mbeannuigh duit a rí Éirinn, Go mbheannuigh duit arsa rí Éirinn. “Nach rabh mé maith le mo fhocal”. arsa an fhear beag ríbeach ruadh. “Bhí cinnte” arsa an rí agus anois ní bheidh sé ina mhac rí ariamh go mbhéad na seacht dteanachacha aige. Smaoituigh an rí ar féin agus sá deireadh tug sé do a mhac. Nuair a táinig an rí ‘na baile Ní dhadaidh a rinne an báinríogáin an cead no an dara uair go dtí an rud a rinne sí an t-am seo. Stróc sí an gruag as a cheann dubhairt sí na bfuigheadh sí a mhac a coidhche Bí go maith agus ní rabh go h-olc tháinic an lá agus bliadhain d’éirigh an rí gleas ar féin agus d’imthig síos chun fairrge. Táinic lár an lae táinic an oidhche agus ní tháinic an bhád. An maidin i na diaidh sin cuaidh an rí cuig fear cliste a bhí sa baile agus d’fiafruigh sé do’[n ríog] cáide ba cóir do deánamh.(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Mín an Ghriobaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seamús Ua Gallchobhair
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- Mín an Ghriobaigh, Co. Donegal