School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)

Location:
An Ghrafaidh, Co. Donegal
Teacher:
Proinnsias Ua Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 489

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 489

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Page 489
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí sin ann agus fad ó shoin a bhí...

    (continued from previous page)
    éisteacht agus siubhal aige. Smaoituigh an rí ar féin i gcionn tamaill agus ba maith a rud deánta do é agus sa deireadh tug sé do a mhach agus chuir an fhear bheag ríbeach ruad an gasúr isteach i deireadh an bháid agus d’imtigh siad leo o thonn go tonn go dteacaidh siad amach as amarc. Cuaidh an rí suas i n-a bhaile agus rinne an bháinríogháin dubhrud. Bhfada do’n te a bhí fánacht leis ach an te nach rabh níor shíl sé dadaidh dó. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Táinic an lá agus bliadhain agus d’éirigh an rí gleas ar féin agus d’imthigh síos cun fairrge. Ní rabh sé i bhfad shíos go dtáinic an currach beag o’ thonn go tonn go dtáinic sé isteach cuig an cuan cuig na cosa cuige. “Nach rabh mé le mo fhocal”, arsa an fhear beag ríbheach ruadh, “Bhí cinnte” arsa an rí. Ní cainnt a bith aige go fóill ach má leigeann tú liom-sa ar feadh lá agus bliadhain. Béidh tréan cainnt aige agus leig an rí amach leis Chuir an fhear beag ríbheach ruadh an gasúr isteach i dtosach an bháid agus cuaidh sé féin isteach i dtosach an bháid agus cuaidh sé féin isteach i deiridh an bháid agus d’imtigh siad leo go dteachaidh siad amach as amarc. Chuaidh an ríog suas na baile agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Dómhnall Ua Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Mín an Ghriobaigh, Co. Donegal
    Informant
    Seamús Ua Gallchobhair
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Address
    Mín an Ghriobaigh, Co. Donegal