School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Page 482
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí seo ann agus más fadó bhí...”
(continued from previous page)da punnta” arsa’n baintreabhac.
“Chuir asteach ins an bhoitheac sin thios agus bhéarfaidh míse an da phunnta duit ar an tráthnóna” arsa’n ceannaidhe.
“Tabhair domh é anois” arsa’n baintreabhac “Seo cugat é arsa’n ceannaidhe.
Nuair a chuir an baintreabhac an gamhain isteach sa bhoitheach thoisigh sí dha chuimilt agus dha chuimilt go dtí ghur imthigh an ceannaidhe ar shiubhail. Thug sí amac an gamhain agus thoisigh da ndíol arais agus díol sí an gamhain arais. Thainig an chead ceannuidhe thart agus d’fiafruigh sé dithe ca rabh a ghamhain. Dubhairt sis nac rabh fios aici. Dimthigh an ceannuidhe leis fríd an aonac ag fiafruigh do acan duine an fhaca sé an gamhain. Thainig fear fhád leis an ceannuidhe agus arsa seisean “Díol an baintreabhac mna an gamhain arais”.
“Bhal bhal” arsa’n ceannuidhe, “Bhearfaidh mé an dlighe dithe.
Chuaidh an fear fhád leis an baintreabhac agus dubhairt leithe go rabh fios ag an ceannuidhe ghur dhíol sí an gamhain arais agus go rabh se ag tabhairt an dlighe dithe. “Is cuma liom(continues on next page)- Collector
- Peadar Mac Aodha
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Informant
- Peadar Mac Diarmuda
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 74