School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)le fághail ag an té a léasfadh é. Rinne mac an Dálaigh amach gur mhaith an éadal crap an airgid a fhághail agus d’imthigh sé leis ag tarraingt ar an domhán thoir. Thug an fear beag ribeach ruadh bád dó a rachfadh caol díreach chun domháin thoir gan baint do. Nuair a shroich sé an domhán thoir cuaidh sé fhád le caisleán an Ríogh. Cuireadh an fháilte roimhe agus d’innis sé a ghnóithe. D’iarr sé pota agus sgian mhaith ghéar. Steall sé an ceann de’n Rígh leis an scin agus chuir isteach sá phota é le bruith mhaith a thabhairt do. Nuair a bhí sé ag bruith go maith cé thainig isteach ar a’ doras acht an fear beag ribeach ruadh. “Ó ní rabh tú ag teastal ariamh comh cruaidh orm” arsa mac an Dalaigh. D’iarr sé ar an fhear bheag ribeach ruadh cuideadh leis agus chuidigh. Thóg sé an ceann as a’ pota agus dubhairt sé go rabh ceann do na cluasa rud beag ró-bhruithte acht go ndeánfadh sí gnóithe. Shiadh sé an ceann ar an Rígh aráis agus bhí sé ar biseach. Fuair mac an Dálaigh cnap an airgid annsin agus d’iarr an fear beag ribeach ruadh air a dhul abhaile(continues on next page)
- Collector
- Róis Éilís Ní Chába
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Informant
- Brighid Nic Dáibhid
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal