School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mac an Dálaigh an fear beag ribeach ruadh go maith an iarraidh seo agus nuair a d'imigh sé rinne sé féin amach go ndéanfadh sé cailín óg de'n dá chailligh s'aige féin. Cheangal sé le chéile iad agus chaith isteach sa teinidh iad. Ní raibh siad i bhfad istigh gur thoisigh an bhéicfeach ach níor bhain sin biongad asann. D'iarr sé orthu fanacht go socair. Nuair a bhí siad fada go léor sa teinidh ní rabh aige ach moll cnámh agus cé bith mar bhí sé ariamh bhí sé ní ba mheasa anois nó ní rabh duine ar bith aige agus ní raibh airgead ar bith aige. Seachtmhain 'na dhiaidh seo thainig an fear beag ribeach ruadh aráis agus seandhuine mór leis agus d'iarr sé iasacht pota ar mhac an Dálaigh. Fuair sé sin agus fáilte. Bhí rud éiginteacht cearr leis an t-seandhuine seo. Ghearr an fear beag ribeach ruadh an ceann de agus caith sa phota é agus thug bruith mhaith do. Annsin thóg sé amach aráis é agus chuir ar an t-seandhuine é agus bhí sé ar biseach ar a' bhomaite. Tamall ‘na dhiaidh seo mhothaigh mach an Dalaigh go rabh Rí an domhain thoir ag éagchaoin agus go rabh crap mór airgid(continues on next page)
- Collector
- Róis Éilís Ní Chába
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Informant
- Brighid Nic Dáibhid
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal